‘Racht’ le Féilim Ó Brádaigh

Racht a mharaigh Íosa.

 

Racht a ghreamaigh tairní.

Racht a d’fháisc scámhóga.

Racht a bhasc cnámh.

Racht a tháirg an fhuil.

Racht a ghin an phian.

Racht a dhoirt an duibhe.

Racht a bháigh an spéir.

Racht a chruthaigh oíche.

 

Racht a bhaist an chéad lá eile

 

Is a rinne gáire

Gan taise

Ar an gcreatlach chiúin, bhriste.

 

Ach racht a d’fhill arís

Ar an tríú lá

Is a mhúscail preab na lasrach ina chroí.

 

(Foilsíodh leagan níos luaithe den dán seo i dTuathal.)

Féilim Written by:

Be First to Comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.