‘Roimh A Bhás’, Dán le Féilim Ó Brádaigh

Súile móra,

Giall is leicne snoite,

Béal socair, umhal.

 

Luíonn sé

Gan dídean, gan faoiseamh,

Gan chara, ag féachaint orainn uile,

 

A shúile chomh glas le codanna den domhan

Nach bhfaca sé riamh, nach bhfeicfidh.

A shúile ag glioscarnach, fliuch

Ó thitim na monsún istigh,

Faoi mheirse Dia dothuigthe dúinn féin,

Dia arrachtach, mearaí,

 

A bhaineann plaic as a chroí.

Feiceann sé, taobh thiar dínn go léir,

Balla mór clochach a bháis ag teacht.

 

Fís óna dtógann sé suaimhneas beag,

Gan náire. Cén chúis le náire?

Síleann sé muid uile marbh cheana,

 

Roimh a bhás, taibhsí ar snámh, dall

Roimh thobar duairc domhain a anama,

Roimh bhorradh uiscí a bheatha.

 

Íomhá: @benhershey

Féilim Written by:

Be First to Comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.