Shleamhnaigh cuimhne isteach an fhuinneog
Aréir is mé im’ chodladh,
Is lonnaigh i ngort m’aigne.
Cuimhne a d’éag is a d’fhás
Le rithim na hanála,
Rithim mhall na hoíche.
Cuimhne bheo, ina Lazarus,
A d’eitil is a chuimil crainn,
Crainn shéimhe na mbrionglóidí;
A leag a lámh ar mo chliabhrach;
A lean mo chosa tríd an oíche
Idir chodladh is dhúiseacht lag.
Ar bhéal na maidine,
Bheannaigh mé don ghrian
Is dhóigh mé an chuimhne gan trócaire.
(Foilsíodh leagan níos luaithe den dán seo i dTuathal.)
Be First to Comment